Carachtar as an oileán: An Pilot. Tá Mickey é féin as dream ceoltóirí agus bhí an “Pilot” ina cheoltóir speisialta. Insíonn Mickey scéal grinn faoin “Pilot”. Bhíodh sé ar na soithigh cuid mhór, iad ag tabhairt ar shiúl ceilpe agus ag déanamh iodine as in Sasana. Bhí na soithigh ag tabhairt léir créafóg bhuí as an Fhál Carrach go hAlbain fosta.